Skip to main content
beidh-gaeilge-a-labhairt-in-westminster-inniu-agus-‘dli-dhaithi’-a-thabhairt-isteach

Beidh Gaeilge á labhairt in Westminster inniu agus ‘Dlí Dháithí’ á thabhairt isteach

Cluinfear Gaeilge in Westminster inniu nuair a thabharfar isteach dlí nua faoin deonú orgán, dlí atá ainmnithe i ndiaidh Gaeilgeoir óg as Béal Feirste.

De réir ‘Dlí Dháithí’, beidh gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin seachas sa chás go roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóir orgáin.

Tá Dáithí Mac Gabhann, a bhfuil galar croí neamhchoitianta air a d’fhág nár fhorbair a chroí mar is ceart sa bhroinn, ar liosta feithimh le haghaidh trasphlandú croí le ceithre bliana go leith.

Rithfear an reachtaíocht nua in Westminster mar gheall gur theip ar Stormont an beart a dhéanamh.

Tá tuismitheoirí Dháithí, beirt chainteoirí Gaeilge, i mbun feachtais le roinnt blianta chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú, agus beidh siad i láthair in Westminster inniu nuair a rithfear an bille.

Dúirt an Feisire Parlaiminte Claire Hanna ón SDLP le Tuairisc go raibh sí ag súil le comhghairdeas a dhéanamh le tuismitheoirí Dháithí i nGaeilge in Westminster.

“Lá iontach agus údar mór bróid atá ann do thuismitheoirí Dháithí a léirigh díograis agus misneach ó thús a bhfeachtais.

“Tréaslaím go mór le muintir Dháithí cé go dtuigim nach n-athraíonn sé cás Dháithí anois díreach. Tá sé go fóill ag feitheamh ar chroí.”

Dúirt Stephen Farry, Feisire de chuid pháirtí Alliance, go raibh gaisce déanta ag muintir Mhic Gabhann.

“Tá éacht eile déanta ag Muintir Mhic Gabhann ar son deonú orgán, agus d’éirigh leo páirtithe Thuaisceart Éireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe a thabhairt le chéile tráth a bhfuil cúrsaí polaitíochta ina gcíor thuathail.

“Tá pobal Thuaisceart Éireann go mór faoi chomaoin ag Dáithí, Seph and Máirtín agus is údar misnigh an t-éacht atá déanta acu don chuid eile againn atá ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí.”

Dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP, Jim Shannon le Tuairisc gur “iontach” an t-éacht atá déanta ag muintir Dháithí.

“Is céim mhór chun cinn atá sa reachtaíocht do Dháithí agus d’achan duine a thacaigh lena fheachtas,” a dúirt sé.

Bhí tacaíocht traspháirtí ag Dlí Dháithí, a tháinig os comhair an Fheidhmeannais dhá bhliain ó shin, agus súil ann go mbeadh an reachtaíocht achtaithe an t-earrach seo.

An mhí seo caite, áfach, tháinig sé chun solais go raibh leasú de dhíth ar an reachtaíocht lena chinntiú go mbeadh orgáin áirithe curtha san áireamh sa chóras deonaithe.

Mhol Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris, go ndéanfaí feidhmeannas Stormont a chur ar bun ar feadh aon lá amháin chun leasú ar an reachtaíocht deonaithe orgán a dhéanamh ach chuir an DUP bac leis an mholadh sin.

Fuair tuismitheoirí Dháithí, Seph Ní Mhealláin agus Máirtín Mac Gabhann, dea-scéala ina dhiaidh sin ó Státrúnaí Thuaisceart Éireann go mbeadh an reachtaíocht á tabhairt isteach in Westminster.

Dúirt an Feisire Claire Hanna gur léiriú a bhí sa troid a rinne tuismitheoirí Dháithí go raibh “ag teip” ar na hiarrachtaí Comhaontú Aoine an Chéasta a chur i bhfeidhm.

“Níor cheart go mbeadh ar theaghlaigh atá ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí agus atá ag lorg athrú sa dlí ar mhaithe le daoine muinteartha leo feachtas mar seo a throid.

“Is é fírinne an scéil nár cheart go mbeadh an dlí seo á thabhairt isteach anseo [in Westminster]. Ba cheart go mbeadh sé déanta roimhe seo agus ba cheart go mbeadh sé déanta in Stormont,” a dúirt feisire parlaiminte an SDLP do Bhéal Feirste Theas.

Níos mó